ESB agus Sábháilteacht an Phobail
Tá sábháilteacht an phobail maidir le húsáid ár seirbhísí fíorthábhachtach dúinn. Baineann príomhfhócas ár gclár sábháilteachta pobail le bainistiú riosca na ndaoine a thagann i dteagmháil lenár líonra, gléasra agus trealamh.
Bíonn tionchar suntasach agus tairbheach ag ár gclár athchóirithe líonra leanúnach i gcónaí ar shábháilteacht an phobail. Cé nach bhfuil ESB freagrach as sábháilteacht an phobail thar mhéadar an chustaiméara, cuirimid feachtais shábháilteachta pobail ar fáil go rialta chun foláireamh a thabhairt don phobal i gcoitinne maidir leis na contúirtí a d’fhéadfadh a bheith ag baint le leictreachas.
Samplaí de Chláir agus Ghníomhartha Sábháilteachta Pobail ESB
-
Tugaimid aghaidh go dian ar na rioscaí a eascraíonn ónár ngníomhaíochtaí giniúna, go háirithe rásaí cinn agus eireabaill a bhaineann le stáisiúin chumhachta hidrileictrí.
- Oibrítear gléasra agus trealamh ESB i gcomhréir le reachtaíocht agus caighdeáin idirnáisiúnta, lena n-áirítear caighdeáin a dhéileálann leis an riosca díobhála a bhaineann le réimsí leictreacha agus maighnéadacha.
-
Cuimsíonn Plean Sábháilteachta Pobail Líonraí ESB (2013-2015) dár dtionscnaimh atá dírithe ar ghrúpaí atá “ faoi riosca”, lena n-áirítear tógáil, feirmeoireacht agus fóillíocht.
- Cláir shábháilteachta pobail do leanaí, lena n-áirítear cuairteanna ar scoileanna.
- Faisnéis shábháilteachta pobail a scaipeadh tríd an Ionad Náisiúnta Teagmhála Custaiméara agus leabhráin shábháilteachta agus ábhar eile le seoladh sa phost mar fhreagra ar iarratais ar leith.
-
Feachtais rialta shábháilteachta pobail chun foláireamh a thabhairt faoi na contúirtí a d’fhéadfadh a bheith ag baint le leictreachas.
* Comhlíonann ESB na dualgais reachtúla ar fad maidir le tuairisciú timpistí, gortuithe agus tarluithe contúirteacha chuig an Údarás Sláinte agus Sábháilteachta (Poblacht na hÉireann), Feidhmeannas Sláinte agus Sábháilteachta (An Ríocht Aontaithe) nó comhlachtaí coibhéiseacha i ndlínsí eile oibríochta