Ról Iascaigh ESB
Tá freagracht reachtúil ar ESB iascaigh a bhainistiú, a stiúradh agus a chaomhnú ar fud abhantraí na Sionainne, na hÉirne, na Laoi agus na Life. Táimid tiomanta roinnt mhaith acmhainní a chur ar leataobh i dtreo is gur féidir iascaigh a chaomhnú d’fhonn inrochtaineacht a chinntiú agus a luach taitneamhachta a fheabhsú.
Is cuid de mhórsprioc straitéise ESB ról na nIascach: ár dtiomantas maidir le tírdhreach agus timpeallacht na hÉireann; inbhuanaitheacht a bheith mar bhunluach, le béim ar leith ar uiscebhealaí agus stoc éisc na hÉireann.
Le haghaidh tuilleadh eolais maidir lenar ról i dtionscal na hiascaireachta, féach an tuarascáil is déanaí dár gcuid thíos.
Eolas faoi Slatiascaireacht
ESB Fisheries controls angling rights in the following catchments;
- An tSionainn
- Caisleán Uí Chonaill
- An tSionainn Íochtair
- An Mhulcáir
- Lár na Sionainne
- An Éirne
- Loch Assaroe
- An Life
- An Laoi
Eolas faoi cheadúnais ESB
Le haghaidh tuilleadh eolais ar ár gcuid táillí ceadúnais agus cén áit ar féidir ceadúnais a cheannach, déan na comhaid thíos (PDF) a íoslódáil.
Déan teagmháil le hIascaigh ESB
Oifig Iascaigh ESB, Ard na Croise, Co. an Chláir
Fón: 00353 61 350538
Facs: 00353 61 344560
Rphost: mfisheries@ESB.ie
Clásal Séanta Iascaigh ESB
Ní ghlacann ESB aon fhreagracht as gortú, caillteanas nó damáiste a bhaineann do dhuine ar bith nó do mhaoin ar bith ar mhaoin de chuid ESB, murab é ESB féin is cúis leis an méid sin d’aon turas nó de bharr easpa cáiréise. Ní foláir do dhuine ar bith a bhfuil cead aige a bheith ar thalamh de chuid ESB aire a thabhairt dá sábháilteacht féin agus súil a choinneáil orthu siúd ina dteannta.
Ní mór go mbeadh meas ag slatiascairí ar chearta úinéirí maoine agus talaimh a bhfuil gá dóibh a dtalamh a thrasnú nó bheith faoi sheilbh acu agus iad ag iascaireacht. Measfar gur sárú ar choinníollacha an cheada é tine a lasadh nó aon damáiste eile a dhéanann an sealbhóra ceada agus déanfar an cead a aistarraingt.
Ní mór go mbeadh ceadanna ar fail i gcónaí lena n-iniúchadh ag pearsanra ESB nó Oifigigh Iascaigh Intíre na hÉireann (IFI). Tá gach cead ar cosaint ag ESB ceadanna bliantúla, seachtainiúla nó laethúla a thabhairt do dhuine ar bith a sháraíonn rialacháin slatiascaireachta IFI nó ESB.
Féadfaidh Oifigigh ESB nó IFI ceadanna a aistarraingt gan fógra má sháraítear aon cheann de choinníollacha statiascaireachta IFI nó ESB atá leagtha síos. Tá gach cead ar cosaint ag ESB na hiascaigh liostaithe nó cuid daoibh a dhúnamh, ag aon am, má bhreithnítear go bhfuil sé riachtanach amhlaidh a dhéanamh chun stoc éisc a chaomhnú.