Tá abhantrach Lár na Sionainne idir Loch Rí agus Loch Deirgeirt, chomh maith le go leor marbhuisce ciúin agus téann An tSuca isteach sa tSionainn ag Droichead na Sionainne.
Is é Loch Deirgeirt an ceann is mó de lochanna na Sionainne agus é os cionn 30 ciliméadar ar fhad. Féachtar air mar iascach measctha agus ina scoth ar fad d’iascaireacht breac. Tá claonadh ag an gcuid íochtarach den loch i dtreo Chill Dá Lua a bheith ar an gcuid is fearr den loch d’iascaireacht breac donn.
Tá líon seasta de bhran maith in abhantrach Phort Omna. Tá ráthaithe de róistí agus de chros-síolraigh ag beathú ar fud na bliana, agus imíonn go leor eile amach as Loch Deirgeirt agus isteach san abhainn san earrach agus sa samhradh. Bíonn róistí maithe ann suas go 2 phunt meáchain, agus roinnt cros-síolrach móra.
Ó Mhárta go Deireadh Fómhair na hamanna iascaireachta is fearr, nuair a bhíonn an abhainn faoi lán seoil; laethanta maithe iascaireachta iad laethanta samhraidh a bhíonn te agus scamallach ar Loch Deirgeirt, go háirithe don bhran.
Séasúr Iascaireachta
15ú Márta go 30ú Meán Fómhair
Rochtain
Tá rochtain go maith i gcoitinne, go háirithe timpeall ar bhailte Bhaile Átha Luain, Droichead na Sionainne, Beannchar agus Port Omna. Is féidir iascaireacht bradán a dhéanamh ar na haibhneacha seo a leanas:
• An Bhrosnach
• An Bhrosnach Bheag
• An tSuca