Tá fonn orainn dul i mbun cainte lenár bhfostaithe, féachaint cén feabhas is féidir linn a chur orainn féin, agus lenár gcustaiméirí, lenár soláthraithe agus leis an bpobal maidir leis na freagrachtaí atá orainn i leith na sochaí. Áirítear air sin:
- Ag dul i mbun cainte lenár mbaill foirne chun inbhuanaitheacht ag an obair, sa phobal agus sa bhaile a chur chun cinn.
- Clár Freagrachta Corparáidí Sóisialta a bhunú i BSL ina gcuirtear obair dheonach chun cinn agus ina ndéantar monatóireacht ar thionchar na hoibre deonaí sin.
- Ag obair le baill foirne agus le soláthraithe chun a chinntiú go bhfuil soláthar inbhuanaithe ar fáil i ngach aonad gnó.
- Dul chun cinn a thuairisciú ar an taobh istigh is ar an taobh amuigh ar bhonn rialta agus é a chur i gcomparáid leis na spriocanna inbhunaitheachta a leagadh síos chun cur le cáil BSL.